091 567 824 gaillimh@cnag.ie

Saor-Chomhairle Dlí

Déanann Conradh na Gaeilge comhordú ar sheirbhís Saor-Chomhairle dlí do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

 Mar chuid den tseirbhís náisiúnta seo tá ionaid Saor-Chomhairle Dlí ag feidhmiú i nGaillimh, Baile Átha Cliath, Corcaigh agus i nGaoth Dobhair. Cuireann abhcóidí agus aturnaetha le Gaeilge seirbhís saor-chomhairle dlí ar fáil, áit ar féidir réamhthuairim a fháil, míniú a fháil ar na cearta atá agat, nó a rá leat an bhfuil gá le tuilleadh comhairle. Má tá gá, is féidir leis an Ionad tú a chur i dteagmháil leis na haturnaetha i do cheantar a chuireann seirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Chomh maith lena hionaid seo tá seirbhís ghutháin ar fáil freisin. Is comhpháirtíocht é an tIonad Saor-Chomhairle Dlí idir Chonradh na Gaeilge agus FLAC (Free Legal Advice Centres).

Is féidir áit a chur in áirithe do sheirbhís na Gaillimhe ar an tseirbhís náisiúnta fóin ag 01 4757401, nó ar an suíomh www.flac.ie.

@FlacIreland