091 567 824 gaillimh@cnag.ie

Stair

Tógadh Sráid Doiminic ag tús an 19ú aois.  Tógadh taobh amuigh de bhallaí an bhaile an t-am sin, rud a léiríonn fás na cathrach ó shin.  Is cosúil gur le beirt bhan an teach ina bhfuil Áras na nGael anois, agus roinnt tithe eile ar an tsráid sin, chomh fada siar leis an ochtú gcéad déag.  Sa bhliain 1794, bhí sé theach ag an mbeirt bhan, Rebecca Coghlan agus Letitia Burke.  Aistríodh a léas ar uimhreach 11, 12,13, 21, 22 agus 23 Sráid Doiminic go dtí an tUasal Roger O’Conner sa bhliain sin agus, de réir dealraimh, bhí na léasanna aige sin ar feadh achair triúr beatha agus seachtó bliain.  Ina dhiaidh sin ba ag baintreach darbh ainm Harriet Mar Jotcham, as Wantage i gcotae Berkshire i Sasana, a bhí gníomhais na dtithe sin uilig.  Dhíol sise na gníomhais le dlíodóir i gcathair na Gaillimhe, J.S. Conroy, ar mhíle trí chéad punt san iomlán.  Cé nach mbaineann na tithe eile linn, is cosúil go raibh tionontaí difriúla sna tithe go dtí gur cheannaigh Bardas na Gaillimhe uimhreacha 21 agus 22 ón dlíodóir Conroy sa bhliain 1927.  Cé nárbh ionann a dtionóntaí idir na blianta is cosúil gur ath-tógadh an trí theach, uimhreacha 21, 22 agus 23, thart ar an mbliain 1840, agus gur tógadh mar aonad ag an am sin iad.  De réir leabhair a chuir an Foras Forbartha amach faoin teideal Galway: Architectural Heritage, National Heritage Inventory le William Garner, go bhfuil trí urlár ag gach teach, go bhfuil trí bhá ag an teach lárnach agus péire ag an dhá teach eile.  Tá áirse idir uimhreacha 21 agus 22.  Tá aigheanna na dtithe déanta d’aolchloch agus taobh istigh díobh tá pláistéireacht shimplí an ama fós le feiceáil.

Tar éis don Bhardas uimhreacha 21 agus 22 a chéannacht, tugadh don choiste gairmoideachas iad, agus úsáideadh mar ghairmscoil iad go dtí gur tógadh scoil nua dó.

Fuair an comhlucht iad i mí na Nollag 1938, ón gcoiste gairmoideachais.  (Ba i Sráid Doiminic a mhúin Pádraic Ó Conaire) Ní raibh ach teach amháin ag teastáil ón gcomhlucht, áfach.  Mar sin díoladh ar ais uimhir 22 (Ionad Ealaín na Gaillimhe, mar atá anois) leis an mBardas ag deireadh na bliana 1939 agus fuarathas míle punt uaidh sin.  Ar a dhíol, bheartaigh na stiúrthóirí go mbeadh alt sa díolachán a thabharfadh rogha don chluch an teach sin, uimhir 22, Sráid Doiminic – sé sin, sean teach Arabella Waithman, deirfiúir le Lady Greogory – a athcheannacht aon uair a mbeadh sé á dhíol arís ag an mBardas, rud nach nearnadh go dtí seo.  Roinnt blianta ina dhiaidh sin, athraíodh uimhreacha na dtithe ar Sráid Doiminic.  Mar sin rinneadh uimhir 43 den Áras agus 45 den teach béal dorais.

Stair Áras na nGael

 “I 935, tionóladh comhdháil i gColáiste Iognáid i nGaillimh faoi choimirce Chraobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge.  Bhí ‘fhios ag lucht na craoibhe an t-am sin go raibh an dá theach a raibh obair  cheard-sgoil na Gaillimh ar siúl iontu le díol chomh luath agus a bheadh an scoil ghairm-oideachas nua-thógtha.  Ba é cuspóir na comhdhála seo a fháil amach an bhfeadfaí an dá theach seo a chéannacht agus a chur ar fáil mar árus agus mar cheannáit d’obair na Gaeilge… sula scar an chomhfháil cinneadh air comhlucht a bhunadh agus thoiligh an chuid ba mhó de na daoine a bhí i láthair scarathacha a ghlacadh ins an gcomhlucht sin.”

[‘Gluaiseacht Ghaodhalach i nGaillimh – céim mhór chun cinn.’  Anseo is Ansiúd, Connacht Tribune 29 Márta 1939.]

Trí bhliain tar éis teacht le chéile an chéad chruinniú sin ar an gcéad lá de mhí Feabhra1935 a cuireadh tús cear le hobair an chomhluchta.  Ar an bhfiche seachtú lá d’Eanáir 1938, bhailigh triúir fear in oifig Thomás Ó Concheanainn féin, Tomás Ó Flanagáin, agus an captaen Rubard Ó Foghludha, bhí céad chruinniú an chomhluchta agus ghlac siad sin dualgas stiúrthóireachta go sealadach orthu féin ar an oíche sin.  Go luath ina dhiaidh sin tionóladh an chéad chruinniú reachtúil i gColáiste Iognáid Dé hAoine, 4 Feabhra 1938, ag ar toghadh an chéad naonúr stiúrthóir.  Ba iad sin Tomás Ó Concheanainn, iar-roinn chigire árachais, Rubard Ó Foghludha, Captaen san Airm a bhí ar lonnadh i mBearaic na Rinne Móire; Tomás Ó Flanagáin, Comhairleoir Contae; an Dochtúir Micheál Ó Máille, dochtúir leighis; Louis Ó Deaghaidh, dlíodóir; an Dochtúir Oirmh. Eric Mac Fhinn, Ollamh Ollscoile; Tomás Mac Enrí B.A., cléireach cúirte dúiche; an tOllamh Liam Ó Buachalla, Ollamh Ollscoilea agus Seanadóire, agus an tOllamh Síle Ní Chinnéide, Ollamh le Stair.

Bhí an-tábhacht ag baint le ceist an árais.  Rinneadh plé ar sheomraí a fháil ar chíos, ach beartaíodh nárbh fhiú é seo a dhéanamh má bhí an comhlucht chun cuidiú le bunú agus le neartú na ngluaiseachtaí Gaelacha sa chathair.  Ceapadh ar bhunú an chomluchta go raibh staid na Gaeilge agus go háirithe staid gluaiseachtaí na Gaeilge i nGaillimh, ag dul i ndonnacht, toisc nach raibh aon cheannáras seasmhach ag freastal orthu sa chathair.  Mar a mhínigh na stiúrthóirí ag an gcruinniú úd a luann tuairisceoir an Connacht Tribune, thabharfadh teach mar sin deis do na cumainn uilig a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a nearú sa Ghaillimh teacht le chéile “le gnó na gluaiseachta a riaradh agus a stiúradh.”  Deimhníodh nach gcuirfí aon teorainn ar na dreamanna a d’úsáidfeadh an t-áras ach amháin go ndéanfaidís a gcuid gnóthaí trí Ghaeilge.  Socraíodh, freisin, go mbeadh áit faoi leith san áras seo do na daoine ógal i bhfocail Liam Uí Bhuachalla, “muna gcoinnítear na daoine óga i mbun na gluaiseachta ní bheidh aon ghluaiseacht ann, mar ghluaiseacht na hóige atá ann ó cheart.” [Connacht Tribune 25 Márta 1939]

Maidir le húsáid an árais dúradh go mbeadh sé ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge i gcóir “siamsaí agus damhsanna Gaelacha, amharclainn do dhrámaí i nGailge, do dhíospóirí i nGaeilge, co-ceandáil, taispeáint, do scannáin gurbh í an Ghaeilge an urlabhra a bheas leo, d’fheiseanna Gaelacha, d’aeríochtaí, d’amhránaíocht i nGaeilge, dornáil caraíocht, do chluichí cáraí, lúthaíocht, fithchille táiplís, bighliardaí, nó d’aon chineál caitheamh aimsire do lucht labhartha na Gaeilge.”  Rinneadh tagairt san alt seo den Mheabhrán chomh maith don am a mbeadh an comlucht réidh chun “botha, seomraí aoídheachta, foirgnimh agus eile a bheas seasta nó sealadach a thógáil nó a dhéanamh a athrú nó a chur i bhfeistis de réis mar ‘fheilfeas don chomhlucht sin a dhéanamh; le Cumann nó cuimainn eile do bhunadh a réiteoidh a gcuspóirí le cuspóirí an chomhluchta; le húsáid an árais a ligint ar cíos nó in aisce d’aon chumann ar bith eile nó d’aon dream ar bith eile a mbeidh na cuspóirí seo atá thuas luaite, nó a mbeidh aon chuspóir eile dá macasamhail acu a mheasas stiúrthóirí an chomhluchta a rachadh i dtairbhe d’athbheochaint na Gaeilge ma ghnáthurlabhra na ndaoine.”  Luaigh an Meabhrachán uair sa todhchaí a mbeadh an comhlucht ag smaoineamh ar theach ósta a chéannacht, nó ar airgead a fháil ar iasacht, nó fiú don am a mbeadh a chuspóirí in aontas le haidhm an Chomhluchta Ghaeil.  Níos túisce ná sin, áfach, bheadh an comlucht réidh chun duine a fhostú, rud atá luaite sa Mheabhrachán, ar ar ndóigh rinneadar amhlaidh go luath i 1939 nuair a fostaíodh Buadhach Toibín mar thimire agus mar rúnaí.

Sna rialacha a leagadh síos do na stiúrthóirí, do na sccairshealbhóirí agus dóibh siúd uilig a mbeadh baint acu leis an gcomhlucht, coscadh labhairt an Bhéarla i ngnóthaí an chomhluchta, “ach comh fada agus atá sé riachtanach úsáid a bhaint as… i gcúrsaí múinteoireachta na Gaeilge.”  (Alt a ceathair – Altanna Coimreachtain). 

Sráid Doininic

Bhí an comhlucht bunaithe sula raibh áras faighte a bheadh feiliúnach mar cheannáras an chomhluchta agus na gluaiseachta Gaeilge.  Mar sin ba i gColáiste Iognáid a bhí formhór na gcruinnithe sa bhliain 1938.  Bhi súil ag na stiúrthóirí ceann de na tithe a bhí ag an gcoisste gairmoideachais i Sráid Doiminic a fháil ar cíos.  Ag deireadh na bliana sin ceannaíodh an dá theach ón goiste céadna, agus tá Áras na nGael’ ann ó shin i leith.

Fás an Chomhluchta sna Tríochaidí agus sna Daichidí

An teach faighte acu, thosaigh stiúrthóirí an chomhluchta ar a bhfíor ghnó.  An chéad dá rud a chuireadar rompu ná alt a trí den Mheabhrachán a chomhlíonadh.  Mar atá ráite, ceapadh Buadhach Toibín go luath sa bhliain 1939 don phost timireachta agus rúnaíochta, tar éis fógra a chur sa Connacht Tribune, agus tar éis agallaimh a chur ar siúl.  Bhí Buadhach ag obair don chomhlucht agus do chraobh na Gaillimhe do Chonradh na Gaeilge; fuair sé dhá phunt sa tseachtain a d’íoc an dá dhream eatarthu.  Tosaíodh, freisin, ar an gCumann Gaelach a bhunú, faoi mar a bhí luaite sa Mheabhrachán.  Ba ag an gcoiste Riaracháin agus Timireachta a bhí an t-údarás chun é seo a dhéanamh.  Thosaigh an coiste ar seo a eagrú láithreach; i mí Meán Fómhair na bliana 1939 a bhí céad chruinniú an Chumainn Gaeligh, ag ar toghadh coiste sealadh a mhair go dtí na Samhna.  Bhí dáiréag ag feidhmiú ar an gcoiste seo; ba iad sin, an tOllamh Liam Ó Buachalla, Éamann de Bhaldron, an rúnaí Seán Mac Réamoinn, Seán Ó Laoghaire, an Dochtúir Tomás Ó Máille, Bean Uí Mháille, Eamonn Ó Chonghaile, Labhrás Ó Murchadhaó Chumann na Meán Mhúinteoirí, Tomás Ó Flanagáin, an Sairsin M.P. Ó Colmáin, Pádraic Ó Máille agus Aodh Mac Dubháin a bhí ann ar son chraobh na Gaillimhe den Chonradh. 

Shocraigh an coiste go dtógfadh an Cumann Gaelach seomraí san Áras ar seasca punt sa bhliain nuair a bheadh sé eagraithe i gceart, ach go dtosnófaí le seomra amháin.  Beartaíodh go ndéanfaí tréan iarracht micléinn a mhealladh don Chumann, dá bharr sin, bheadh táillí ísle le n-íoc acu siúd.  Socraíodh go dtosnódh imeachtaí an Chumainn le Scoraíocht, a cuireadh ar siúl ag deireadh na bliana 1939.  Tá an chosúlacht ann, áfach, nár éirigh go ró-mhaith leis an Scoraíocht chéadna; mar nuair a smaoiníodh ar cheann eile a eagrú i mí Bealtaine 1949, adhmáileadh nárbh fhiú é a athdhéanamh, nuair nár léiríodh mórán spéis ag baill an Chumainn fhéin sa cheann deireadh.  Ansin, dhírigh an Cumann a aire ar léachtaí a chur ar siúl, ach theip orthu sin freisin.  Ina dhiaidh sin, bhí easpa nirt ar an gCumann, de réir dealraimh, mar ba mhinic a scaiptí a chuid cruinnithe sa bhliain 1941, toisc nach raibh líon ceart i láthair chun cruinniú a thionóladh.  Rinneadh an-phlé tar éis sin ar iarsmalann a bhunadh nó ar thaispeántas pictiúr agus ar cheadal a eagrú, ach níor deineadh mórán ina dtaobh sin. 

Bhí a mhalairt de scéal i gceist ó thaobh na n-imeachtaí a d’eagraigh Craobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge.  D’éirigh go sár-mhaith leis na céilithe a cuireadh ar siúl san Astaire – halla damhsa a bhíodh suite san áit ina bhfuil Áras Fáilte inniu ann – agus san Áras féin.  Sa bhliain 1946, thóg an Chraobh halla an Astaire gach Domhnach ar luach trí phunt.  Leanadh an céilí ar aghaidh ón a naoi a chlog san oíche go dtí a dó a chlog ar maidin, agus bhíodh dhá scilling sa phingin ar an doras.  Ba iad na spot-duaiseanna a bhíodh acu ná caoga toitín don fhear agus bosca mileáin don chailín.  Bhí ag éirí chomh maith sin leis na céilithe céadna go mbíodh an iomarca daoine ag iarraidh dul isteach chucu.  Is cosúil go mbíodh cuid mhaith Gaeilge á labhairt acu siúd a bhí i láthair.  D’eagraigh an Chraobh ranganna Gaeilge san Áras, chomh maith, agus d’fhreastal an-chuid daoine orthu.  Bhí gaol maith ag lucht na Craoibhe leis an gCumann Éigse agus Seachais sa Choláiste, agus ba mhinic díospóireachtaí idir an dá chumann.  Taispeánann sé seo uilig go raibh an-úsáid á bhaint as an Áras ag an gcraobh Ghaillimheach den Chonradh is léir go raibh baill na Craoibhe ar an lucht b’fhinniúla de ghluaiseachtaí na Gaeilge sa chathair ag an am seo. 

Is cosúil go raibh úsáid mhaith á baint as an Áras ag tús na bliana 1941, mar diúltaíodh don ITGWU seomraí a fháil ann toisc nach raibh seomra saor ann.  Sa bhliain 1943, bhí grúpa nua ann, Cumann Ó Gaeil na Gaillimhe, agus bhí méadú eile ar na dreamanna éagsúla a bhí in úsáid roimh dheireadh na bliana 1948; ag an am sin bhí Conradh na Gaeilge, an Réal, Feis Ceoil an Iarthair, Coiste Drámaíochta na Scol, Oireachas Connachta, Gasra an Fháinne, Guth na nÓg agus Ar Aghaidh curtha fútha ann.  Bhí áthas ar na stiúrthóirí go raibh siadsan uilig ann,  cé nach raibheadar ró-shásta nuair a theip ar hcuid acu na táillí cearta a íoc sa bhliain sin.

Sa tréimhse seo, chomh maith, rinne stiúrthóirí an chomhluchta tréan iarracht chun aitheantas a fháil d’áit na Gaeilge, agus go háirithe d’áit an Árais, sa chathair.  Chun cuidiú leis seo, rinneadar socrú go mbeadh coiste ón gcomhlucht réidh chun Meabhrachán an chomhluchta a bhronnadh ar an Taoiseach le linn dó bheith ar cuairt sa chathair ag deireadh Meán Fómhair na bliana 1944.  Bhí an tUasal de Valera ag teacht chuig an gCnoc i gConamara le freastal ar aeríocht a bhí ar siúl ann.  Chomh maith le triúr Teachta Dála, bhí an Seanadóir Liam Ó Buachalla, Máire Ní Scolaí agus an breitheamh dúiche Seán Mac Giollarnáith le dul ann chun labhairt leis an Taoiseach.

Dul Ar Aghaidh an Chomhluchta sna Caogaidí

Chomh maith lena gcuid iarrachtaí chun staid na scaireanna a leasú, bhí roinnt fadhbanna ag na stiúrthóirí maidir leis na táillí a bhí a n-íoc ag ana cumainn úd a bhí ag úsáid an Árais.  Ba léir dóibh nárbh leor an t-airgead a bhí ag teacht isteach ó na gluaiseachtaí éagsúla, agus ceapadh go bhfeabhsódh cúrsaí dá n-ardófaí na táillí.  Go luath sa bhliain 1952 legadh síos táillí nua; socraíodh go díocfadh Conradh na Gaeilge céad punt sa bhliain; an Réalt, deich scilling in aghaidh na seachtaine; an múinteoir damhsa, seacht scilling sé phingin do ghach Satharn, agus bheadh Comhdháil Drámaíochta an iarthair ag íoc an méid céadna.  Fáfadh táillí Fheis Cheoil an Iarthair, Mhícheál Uí Chonchubhair agus an choiste chontae den Chonradh mar a bhíodar, ar feadh tamaill.  Bhí na stiúrthóirí chun táillí Gasra an Fháinne a árdú, freisin, cé nár socraíodh an méid ag an am sin.  Is cosúil nach raibh Club na nÓg ag íoc táillí go dtí seo, mar bhí sé i gceist ag na stiúrthóirí anois ceist a chur ar phríomh-oifigeach Cheard Scoil na cathrach faoi chuidiú an Chlub d’fháil maidir le teacht isteach an Árais.  Beartaíodh, chomh maith, go n-árdófaí ar an gcoiste sin drámaí a chur ar siúl ar mhaithe leis an Áras.  Feictear uaidh seo uilig go raibh suas le deich ngrúpa ag úsáid an Árais ag tús na gcaogaidí, ach ar ndóigh, b’annamh a d’úsáid cuid acu é.  Ní raibh an coiste contae den Chonradh ann ach ceithre nó cúig uair sa bhliain, agus tá an chosúlacht ann nach raibh ag éirí go ró-mhaithe le cuid díobh san a bhí san Áras níos mó ná uair sa tseachtain.  Sampla amháin den mheath seo is ea an Réalt – go gairid tar éis táillí an chumainn sin a árdú, bhí ar na stiúrthóírí iad a laghdú arís, ó dheich scilling sa tseachtain go dtí sé scilling, toisc nach raibh an cumann in ann an táille nua a íoc. 

Cuireadh stop sealadach le hobair an chomhluchta sa bhliain 1957.  I mí Mhárta na bliana sin rinne gála damáiste do dhíon an Árais agus ina dhiaidh sin thosaigh na stiúrthóirí ag plé díol an Árais, nó an tÁras a ligint ar cíos – rud a léiríonn nárbh leor an t-airgead a bhí ag teacht isteach ó úsáid an Árais chun é a chur i ndeá-chaoi arís.  Níor deineadh sin, áfach, ach tar éis an chruinniú chinn bliana i mí Bealtaine na bliana 1957 níor tugadh cruinniú eile den saghas sin le chéile go dtí cruinniú na scairshealbhóirí i mí Aibreáin na bliana 1967.  Ní hionann sin le rá nach raibh an Áras in úsáid idir na blianta sin.  De réir meastúchán na bliana 1969, bhí airgead ag teacht isteach ó chúig ghrúpa (gan cíos an Bhárdais a thógáil san áireamh), rud a léiríonn go raibh cuid de na dreamanna a bhíodh á úsáid sna caogaidí imithe as, nó tite i léig.  Ní raibh an Réalt, ná Gasra an Fháinne, ná Club na nÓg á úsáid a thuilleadh, rud a fhágann nach raibh ach Conradh na Gaeilge, idir chontae agus chathair, Ar Aghaidh agus an Feis Ceoil ag iarraidh beocht a chur i ngluaiseacht na Gaeilge ón Áras faoin am seo. 

Meath an Chomhlachta sna Seascaidí

Ag cruinniú na sciarshealbhóirí sa bhliain 1967, toghadh coiste stiúrthóirí sealadach a raibh cúigear ina mbaill de; ba iad sin, an Dochtúir Oirmh. Eric Mac Fhinn, an tOllamh Liam Ó Buachalla, an tAthair Oirmh. A. Ó Raghallaigh, Fursa Breathnach, agus Seán Ó Carra.  Faoin am seo bhí an Áras fós in úsáid, ach ní raibh cuid de na cumainn ag íoc a gcuid cíosanna, rud a d’fhág an comhlacht gan mórán airgid.  Bhí costais rátaí, árachais agus leictreachais an-ard san Áras; mar sin nuair a d’fhág an coiste gairmoideachais na seomraí a bhí ar cíos acu ann, bhí ar na sciarshealbhóirí smaoineamh ar an Áras a dhíol, nó ar an gcomhlacht a thabhairt le chéile arís agus tréan iarracht a dhéanamh fuinneamh nua a chur ann.  Ní fios an mbeadh comhlacht anois ann, ach go b’é an Áras a bheith ann.  Cé go raibh cúrsaí go dona sna seascaidí, níor deineadh aon iarracht dáiríre chun an comhlacht a aththógáil go dtí tús na seachtóidí nuair a bhí spéis ag dreamanna éagsúla i gcéannacht an Árais. 

Athbhunadh an Chomhlachta sna Seachtóidí

Ar an bhfichiú lá de mhí Aibreáin na bliana 1972 scríobh Ambrose Roche, ceantálaí leis an mBárdas, chuig stiúrthóirí an chomhlachta féachaint an mbeadh baill an chomhlachta sásta an tÁras a dhíol nó é a ligint ar cíos mar oifigí leis an mBárdas.  Ba é an toradh a bhí ar an suim seo san Áras ná gur scríobh Seasamh Ó hÓgartaigh, Liam Ó Donnchadha agus Seán Ó Carra chuig an Athar Mac Finn ag deireadh na bliana 1972 ag moladh go dtabharfaí stiúrthóirí agus úinéaraí na scaireanna le chéile chun socrú éigin a dhéanamh faoin Áras.  Tionóladh an cruinniú seo ar an gcúigiú lá de mhí Aibreáin na bliana 1973.  Nuair a toghadh coiste nua, méadaíodh líon na stiúrthóirí ó naonúr go dtí dáiréag agus beartaíodh gan an tÁras a dhíol nó a ligint ar cíos d’aon dream, in ainneoin an droch chaoi ina raibh sé.  Mar gheall ar staid an Árais, níor úsáideadh arís le haghaidh aon chruinnithe é go dtí mí Aibreáin na bliana 1977.  Idir 1972 agus 1977, bhain na scairshealbhóirí agus na stiurthóirí úsáid as an Warwick, asn an Dúrlas (a bhíodh ar Sráid a’Mhuillin, agus atá leagtha ó tógadh staisiún nua na Gárdaí) agus go háirithe, baineadh úsáid as an Atlanta ar Sráid Doiminic le haghaidh cruinnithe. 

Sa bhliain 1974 tosaíodh ar an obair chun an tÁras a dheisiú.  Sa mheastúchán a rinneadh, beartaíodh go mbeadh dhá mhíle dhéag cúig chéad punt ag teastáil chun caoi shásúil a chur air.  Ba é Conradh na Gaeilge an chéad ghrúpa ar iarraidh orthu deontas a thabhairt don Chomhlucht.  Míníodh dóíbh go mbeadh cúig mhíle ag teastáil chun an díon a dheisiú, ceithre mhíle cúige chéad chun caoi a chur ar na síleáil, ar na fuinneoga agus ar rudaí eile a raibh droch chaoi orthu.  Bhí an Conradh sásta ceithre mhíle a thabhairt don obair seo agus seacht gcéad caoga ar threallaimh an Dúrlais a chéannacht.  Dá bhrí sin, bhí breis agus míle punt fós de dhíth ar an gcomhlucht chun an obair a chríochnú.  Beartaíodh ceist a chur ar Aire na Gaeltachta i dtaobh deontais lena haghaidh.  Nuair nár éirigh leis sin, agus tar éis iarracht eile a dhéanamh chun airgead a fháil ón gConradh, socraíodh ar dul chuig Bord na Gaeilge ag lorg deontas seach mhíle cúig chéad punt d’obair an Árasi.  Chuadar chun cainte leis an mbanc, freisin, féachaint an bhfaighidís iasacht cúig mhíle punt uaidh ach níor deineadh sin go dtí go raibh cuid den obair ar an Áras déanta cheana féin.  Taobh amuigh d’iasachtaí agus de dheontais, áfach, ní raibh mórán slite fátha ag na stiúrhtóirí chun airgead den chineál sin a sholáthar.  Rinneadh iarracht eile i mí Márta na bliana 1974, nuair a cuireadh oíche caidrimh ar siúil sa Warwick le h-airgead a dhéanamh chun cuidiú le hobair an Árais.  Bhí an cead isteach saor go leor ar chapga pingin an duine – nír athraíodh praghasanna céilithe go ró-mhór ón am a mbíodh dhá scilling sé phingin mar chead isteach ar chéilithe an Chonartha sna daichidí.

Cé go raibh ganntanas airgid ar an gcomhlucht, níor chuir sé sin cosc ar an méid pleananna a bhí ag a chuid stiúrthóirí agus scairshealbhóiri don Áras.  Chomh maith le deisiún an dín, na n-urlár, na bhfuinneog agus eile, bhí sé ar intinn acu, comh fada siar le mí Meán Fómhair na bliana 1973, an halla a leathnú, leithris a thógáil (roimhe seo bhíodar ag úsáid an leithris in uimhir 22 Sr. Doiminic) agus seomraí ar an dara urlár a réiteach mar oifigigh comhluchta, mar shiopa leabhar, agus mar leabhralann.  Smaoiníodh ar dhíon an cheatrhú urláir a ardú sa chaoi is go mbeadh tuilleadh oifigí thuas ansin.  Rinneadh plé i mí Iúil na bliana céadna ar bheár a thógáil agus ar sheomraí a chur ar fáil le haghaidh naíscoile, ach fágadh iad sin ar leathaobh ar feadh tamaill. 

Cuireadh tús leis an deisiú ag deireadh na bliana 1974 – ag an am sin bhí airgead ag teacht isteach ó Bhárdas na Gaillimhe a bhí in úsáid an chlóis ag cúl an fhoirgnimh.  Tairgeadh seomraí don Chumann Lúthchleas Gaeil sa bhliain 1976 agus tosaíodh ar chíosanna a shocrú don chuid eile den Áras i mí Deireadh dómhair na bliana sin – cé go raibh cruinniúthe na siúrthóirí féin fós á reáchtáil san Atlanta.  Beartaíodh go mbeadh deich bpunt an oíche mar chíos ar an halla mór, agus go mbeadh sé  úsáid le haghaidh imeachtaí ar nós céilithe.  I gcás an seomraí eile bheadh cíos deich bpunt an uair móide punt amháin do theas orthu.  Ach, ar ndóigh, bhí a lán le déanamh fós sula mbeadh an tÁras réidh d’imeachtaí nó fiú do chruinnithe na stirúthóirí féin.  Cé go bhfuair an comhlucht míle punt sa bhreis ó Chonradh na Gaeilge, bhí tuilleadh de dhíth air.  Mar sin, nuair a bhí an tÁrais réidh le húsáid i mí Aibreáin na bliana 1977, bhí na stiúrthóirí fós ag scrúdú bealaí chun níos mó airgid a fháil le cinntiú go mbeadh todhchaí ag an Áras mar áit faoi leith don Ghaeilge sa chathair.  Léiríonn na coinníollacha len raibheadar sásta aontú – tar éis dul chuig Bord na Gaeilge ag lorg iasachta – an méid cumhachta thar ghnótha an chomhluchta a bhíodar toilteanach ‘thabhairt do Bhord na Gaeilge.  Ar iasacht seacht míle cúig chéad punt bhí na stiúrthóírí sásta go mbeadh ceart crosta ag an mBord ar díol nó fiú ar úsáid an Árais. 

Nuair a bhí leas nua ar chlós an Árais socraithe idir an comhlucht agus an Bárdas, cuireadh tús le deisiú an triú agus an cheathrú urlár.  Cé go raibh na deisiúcháin agus na feabhsúcháin faoi lán tseoil, agus cé go raibh an chéad dá urlár réidh le húsáid, is cosúil nach raibh mórán úsáid á baint as an Áras.  Bhí an naíscoil oscailte agus bhí oifigí ag an gCumann Lúthchleas Gaeil ann, bhí na Teaghlaigh Gaelacha á úsáid agus, ar ndóigh, Conradh na Gaeilge; b’shin an méid, áfach, cé go raibh neart spáis san Áras do chumann agus d’imeachtaí eile.  Mar sin, bhí dhá fhadhb mhór ag baill an chomhluchta ag deireadh na seachtóidí.  Bhí tús maith curtha le deisiú an Árais, ach ba léir dóibh go mbeadh i bhfad níos mó airgid ag teastáil chun é a chur i gcrích.  Ba mhór fós an t-ábhar imní do na stiúrhtóirí an mhoill a bhí ar chumainn éagsúla teacht le chéile chun úsáid iomlán a bhaint as Áras na nGael. 

An Comhlucht sna hOchtaidí

Cé gur léir go raibh athnuachtaint an chomhluchta fuinneamhach ó thaobh deisiún an Árais, bhí sé i bhfad níos crua ar na stiúrthóírí na seomraí úd a bhí réidh don phobal Gaelach a líonadh.  Ag tús na bliana 1980, áfach, nuair nach raibh cuirtíní ná bratacha urláir fós ann, bhí seomraí tógtha ag na Teaghlaigh Gaelacha, ag an gcoiste dúiche den Chonradh, agus an craobh cathrach den Chonradh agus ag an gCumann Lúthchleas Gaeil.  Ní raibh na stiúrthóirí lán sásta leis seo, ach leanadar orthy ag cur caoi ar an Áras agus súil acu go dtiocfadh tuilleadh nirt i ngluaiseacht na Gaeilge sula mbeadh an tÁras críochnaithe. 

Níorbh fhéidir leis na stiúrthóirí ‘bheith ag brath ar airgead ó Bhord na Gaeilge, nuair nach raibh sé tagtha fós ag tús na bliana 1981, ach chuidigh deontas míle punt a fuarthas ó Chonradh na Gaeilge leis an deisiú.  Ag tús na bliana 1981 tháinig tuilleadh dreamanna chuig na stiúrthóírí ag lorg seomraí – Gaeleagras agus Bord na Gaeilge ina measc.  Tugadh seomraí do Ghaeleagras i mí Mhárta ach, cé go raibh ranganna Gaeilge eagraithe acu, is cosúil ó mhiontuairiscí an chruinniú chinn bliana nach raibh an ctinreamh ró-mhaith ag na ranganna céadna.  Ba iad baill na craoibhe cathrach den Chonradh den chuid is mó a rinne iarracht an comhlucht a athbhunadh ach bhí an chraobh féin tite i laige ag tús na n-ochtaidí – rud a thaispeánann cé chomh deacair is a bhí sé an ghluaiseacht a ath-thógáil.  Bhí an naíscoil fós san Aras agus bhí na Teaghlaigh Gaelacha ann uair sa mhí, ach níor tháinig aon chumainn nua chuig an Áras an bhliain sin, agus ag deireadh na bliana 1981 bhí an comhlucht breis is dhá mhíle punt i bhfiacha. 

Níorbh fhada a mhair laige na craoibhe cathrach den Chonradh.  Sa bhliain 1982 bhíodar ar ais le pleananna nua chun an Ghaeilge a chur ós comhair phobal na cathrach agus chun airgead a dhéanamh a chuideodh leis sin.  Beartaíodh ar sheomra ar bhun urlár a réiteach i gcomhair siopa cártaí agus gael-earraí agus rinneadh amhlaidh i mí na Samhna 1982.  Ó am a bunaíodh an comhlucht, bhí plean ann chun club a thógáil ar áitreabh an Árais.  Go dtí seo cuireadh i leataobh an plean sin, ach anois bhí sé ar intinn ag craobh na Gaillimhe den Chonradh dul ar aghaidh leis an bplean.  Bhí dul chun cinn an chomhluchta sách mall ag tús na n-ochtóidí; sa bhliain 1983 éiríodh as an naíscoil agus bunaíodh arís é seach mí ina dhiaidh sin.  Ag tús na bliana 1985 bhí bun urlár an Árais ullamh le haghaidh céilithe agus imeachtaí eile.  Bhí an naíscoil imithe as arís le píosa ach osclaíodh ceann nua i mí Aibreáin na bliana 1985.  Bhí dhá sheomra ag Gaeleagras dhá oíche sa tseachtain agus bhí an coiste dúiche den Chonradh ag úsáid an Árais arís le haghaidh a chuid cruinnithe. 

I mí Meán Fómhair na bliana 1985, bhí Gaeleagras fós ag eagrú ranganna san Áras, bhí an naíscoil faoi lán tseoil, agus bhí Cumann na bhFiann á úsáid chuile sheachtain.  Socraíodh go gcuirfeadh Áine de Búrca caoi ar an áiléar, agus go n-úsáidfeadh sí mar stiúideo é.  Lean na dreamanna thuas ar úsáid an Árais ach amháin an naíscoil, nach raibh ag feidhmiú a thuilleadh tar éis mí na Samhna 1985.

Ag tús na bliana 1986 bhí an Conradh ag iarraidh a ainm a chur suas ós cionn doras an Árais agus i mí Meán Fómhair na bliana sin bhí an Taidhbhearc, an Cumann Lúthchleas Gaeil agus an Comhlucht Náisiúnta Drámaíochta san Áras.  Roimh dheireadh na bliana bhí an beár, nó an Club, oscailte ar áitreabh an Árais.  Chomh maith leis na ranganna Gaeilge a bhí ar siúl faoi stiúradh Gaeleagras, bhí ranganna sean-nós á n-eagrú.  Ag deireadh na bliana 1987 bhí triúr eile ceaptha agus ag obair faoi scéim fostaíochta an Roinn Saothair. 

Bhraith fuinneamh an chomhluchta ar a chuid ball, ach is cinnte go raibh páirt thábhachtach ag an Áras féin anseo.  Nuair a cuireadh le chéile Meabhrachán an chomhluchta sa bhliain 1938, leagadh an-bhéim ar cheannáras seasmhach a fháil do ghluaiseacht na Gaeilge i nGaillimh.  Bhronn an tÁras aontas ar na cumainn agus ar na daoine éagsúla uilig a bhí ag iarraidh an teanga náisiúnta a neartú sa chathair.  Mar is léir, bhí an ghluaiseacht thuas seal agus thíos seal tríd na blianta.  Ach bhí teacht aniar sna scairshealbhóirí agus sna stiúrhtóirí am ar bith go raibh an chontúirt ann go gcaithfí an comhlucht a scaradh agus an tÁras a dhíol.  De réir mar a cheap na stiúrthóirí i 1938, chomh fada is a bheadh Áras na nGael sa chathair, chuirfeadh sé cúis na Gaeilge i gcuimhne don phobal na Gaillimhe, fiú muna raibh móráin úsáide á baint as.

Ceannaíodh an tÁras mar cheannáras do ghluaiseacht na Gaeilge agus ceapadh ar a chéannacht go mbeadh sé ar fáil le haghaidh gach saghas oibre agus caitheamh aimsire.  Dá bhrí sin, tá an-éagsúlacht ag baint leis na cumainn agus leis na himeachtaí difriúla a bhí ann le himeacht an ochto bhliain.  Ó thaobh caithimh aimsire de, cuireadh céilithe, scoraíochtaí, drámaí agus clubanna óige ar bun san Áras.  Maidir le cúrsaí oideachais; bhí naíscoil, ranganna Gaeilge, damhsaíochta, amhránaíochta agus sean nós, agus léachtaí ar siúl ag amantaí éagsúla ann.  Rinneadh iarracht, freisin, chun gnáth phobal na cathrach a mhealladh isteach sa ghluaiseacht trí shiopa cártaí agus gaelearraí a chur san Áras fáin, agus, ar ndóigh, ba mhór an iarracht a rinneadh nuair a tógadh beár ar áitreabh an Árais. 

B’éigean do na stiúrthóirí seans a thabhairt do chuile dhream a iarracht féin a dhéanamh chun aitheantas a fháil don Ghaeilge sa chathair.  Chuireadar féin an-bhéim ar pháirt  na ndaoine óga sa ghluaiseacht agus ba mhinic nár iarradh aon táillí ar na clubanna éagsúla a bhí dírithe ar an óige.  Nuair nár éirigh leis na léachtaí ná leis na scoraíóchtaí a cuireadh ar siúl san Áras, cuireadh i leataobh iad sin agus leagadh níos mó béime ar rudaí ar nós céilithe agus ranganna a raih slua maith ag freastal orthu.  Mar sin, nuair a theip ar rud amháin, baineadh triail as slí eile chun suim phobal na cathrach a mhúscailt. 

Sna himeachtaí úd ar éirigh leo an gnáth Ghaillimheach a mhealladh chuig an Áras, tá fuinneamh chraobh na cathrach den Chonradh go mór le tabhairt faoi deara.  ‘Sna daichidí b’éigean dá chuid ball cead isteach chuig na céilithe a dhiúltú do chuid mhaith daoien de bharr easpa spáis.  Ag bunú an chomhluchta, bhí naonúr léachtóír ollscoilea i measac a chuid sciarshealbhóirí agus rinne an chraobh an-iarracht an caidreamh seo idir an coláiste agus an ghluaiseacht a nearú trína cuid díospóireachtaí le cumann Éigse agus Seanchais an Choláiste.  Ba iad baill na craoibhe don chuid is mó a bhí freagrach as aththógáil an chomhluchta sna seachtaidí.  Ag an am sin, chomh maith, naur a bhí géar fhantannas airgid ar an gcomhlucht, chuidigh an Conradh, idir árd oifig, chraobh na Gaillimhge agus chraobh an chontae, tré dheochaintis, iasachachtaí agus trí chéannacht scaireanna, le deisiú an Árai.  Le saol an chomhluchta go dtí seo, bhraith cuid mhaith dá neart ar dhíograis baill Chonradh na Gaeilge.  In ainneoin a giorracht do phobal na Gaeltachta, níorbh éasca an Ghaeilge a athbheochaint i gCathair na Gaillimhe.  Le caitheamh caoga bliain, ní haob iontas go dteipfeadh ar an gcomlucht i go leor dá chuid iarrachtaí.  Nuair a fheiceann muid mana araidhmeannach an chomhluchta – Tír agus Teanga – áfach, is léir nach raibh agus nach bhfuil aon teorannú aigne ar an gcomhlucht teoaranta seo.  Fad is atá Áras na nGael ar Sráid Doiminic, ní móide go mbeidh thiar ar iarrachtaí chun an Ghaeilge, agus a mbaineann léi, a chur chun cinn sa chathair.  Fad is a sheasann Áras na nGael ní bheidh an teanga Gaeilge gan dídean ar bhruach na Coiribe.

Na Stiúrthóirí 1938- 1988

Na stiúrthóirí a bhí ar an mbord faoi Shamain 1988

Ó chlé:  Bríd Heusaff, Máirín Guimoard (Cisteoir), Peadar Mac Fhlannchadha (Rúnaí), Gearóid Ó Tuathaigh (Cathaoirleach), Neans Ó Dochartaigh

As láthair:  Seosamh Ó Dea, Ite Ní Chionnaith, Maire Ní Ghráinne, Seán Mac Íomhair

1938 – 1944

Toghadh 4 Feabhra 1938
Tomás Ua Concheanainn
An Capt. Rubard Ó Foghludha*
Tomás Ó FlanagáinAn Dr. Micheál Ó Máille Lughaidhe E. Ó Deaghhaidh
An Dr. Oirmh. Eric Mac Fhinn, M.A.
Tomás Mac Enrí B.A
An tOllamh Liam Ua Buachalla M. Comm
An tOllamh Síghle Ní Chinnéide
Eamon de Bhaldron (Rúnaí)
*Aistrithe ón Rinn Mhór i 1938 – Seán Mac Fhloinn,
innealtóir ceapaithe ina áit

1945 – 1954

Toghadh 20 Márta 1945
Seoirse Ó Conghaile
Seán Mac Floinn*
An Dr. Oirmh. E. Mac Fhinn
An Seanadóir Ó Deaghaidh
An Seanadóir L. Ó Buachalla
Tomás Ó Concheanainn
Labhrás Ó Murchú
Tomás Ó Flanagáin
Eamonn de Bhaldron (Rúnaí)
*Seán Ó Maolcatha ceapaithe in áit S. Mac Floinn i 1952

1995 – 1957

Toghadh
An Dr. Oirmh. E. Mac Fhinn
An Seanaóid L. Ó Buachalla
Tomás Ua Concheanainn
Labhrás Ó Murchadha
Tomás Ó Flanagáin
Eamon de Bhaldrom
Seán Ó Maolcatha
Seán Ó Carra
Seoirse Ó Standúin (capt.)

Stiúrthoírí sealadacha 1967 – 1970

Toghadh 10 Aibreán 1967
An Dr. Oirmh. E. Mac Fhinn
An tOllamh L. Ó Buachalla
An tAth. Oirmh. A. Ó Raghallaigh
Fursa Breathnach
Seán Ó Carra

1973 – 1974*

Toghadh 5 Aibreán 1973
Seán Ó Carra
Fursa Breathnach
Máire Bn. Uí Bhuachalla, Cathaoirleach
Seosamh Ó hÓgartaigh, Rúnaí
Seán Stafford
An tAth. Ó Dubhshláine
Pádraic Ó Concheanainn
Liam Ó Donnchadha
Neans Bn. Uí Dhochartaigh, Cisteoir
Antaine Ó Máirtín
*Nuair a toghadh na stiúrthóirí thuas meadaíodh líon na stiúrthóírí ó naonúr go dtí dáréag

1974 – 1975

Toghadh 23 Meán Fómhair 1974
Máire Ó Buachalla, Cathaoirleach
Neans Ó Dochartaigh, Cisteoir
Seosamh Ó hÓgartaigh, Rúnaí
Máirín Guíomard
Liam Ó Donnchadha
Siobhán Ní Fhualáin
Máire Ní Shíothcháin
Máire Ní Fhlanagáin Ní Mhóráin
Donnchadha Ó hAodha
Seán Ó hUiginn
Seán Stafford
Fursa Breathnach

1975 -1976 

Máire Ó Buachalla, Cataoirleach
Neans Ó Dochartaigh, Cisteoir
Seosamh Ó hÓgartaigh, Rúnaí
Pádraic Ó Snodaigh
Liam Ó Donnchadha
Seán Stafford
Máirín Fuíomard
Siobhán Ní Fhualáin
Seán Ó hUiginn
Fursa Breathnach

1976 – 1977

Toghadh 27 Aibreán 1976
Máire Ó Buachalla, Cathaoirleach
Seosamh Ó hÓgartaigh, Rúnaí
Neans Ó Dochartaigh, Cisteoir
Fursa Breathnach
Pádraic Ó Snodaigh
Seán Mac Mathúna
Liam Ó Donnchadha
Seán Stafford
Seán Ó hUiginn
Siobhán Ní Fhualáin
Máirín Guíomard
Máire Ní Fhlanagáin Ní Mhóráin

1977 – 1978

Toghadh 19 Aibreán 1977
Máire Ó Buachalla, Cathaoirleach
Seosamh Ó hÓgartaigh, Comh-rúnaí
Neans Ó Dochartaigh, Cisteoir
Seán Ó Drisceal, Comh-rúnaí
Liam O donnchadha
Pádraic Ó Snodaigh
Seán Mac Mathúna
Máirín Guíomard
Siobhán Ní Fhualain
Fursa Breathnach

1978 -1979

Toghadh 8 Bealtaine 1978
Máire Ó Buachalla, Cathaoirleach
Neans Ó Dochartaigh, Cisteoir
Seosamh Ó hÓgartaigh, Rúnaí
Seán Ó Drisceal, Comh-rúnaí
Seán Ó hUiginn
Siobhán Ní Fhualáin
Máire Ní Fhlanagáin Ní Mhóráin
Seán Stafford
Fursa Breathnach
Máirín Guíomard
Liamh Ó Donnchadha

1979 – 1980

Toghadh 20 Samhain 1979
Máire Ó Buachalla, Cathaoirleach
Neans Ó Dochartaigh, Cisteoir
Seosamh O hÓgartaigh, Rúnaí
Seán Ó Drisceal
Seán Ó hUiginn
Máirín Guíomard
Liam Ó Donnchadha
Siobhán Ní Fhualáin
Seán Stafford
Fursa Breathnach

1980 – 1981

Toghadh 20 Bealtaine 1980
Máire Ó Buachalla, Cathaoirleach
Neans Ó Dochartaigh, Cisteoir
Seosamh Ó hÓgartaigh, Rúnaí
Seán Ó Drisceal
Seán Ó hUiginn
Siobhán Ní Fhualáin
Seán Stafford
Liam Ó Donnchadha
Máirín Guíomard
Fursa Breathnach

1981 -1982

Toghadh 12 Bealtaine 1981
Máire Ó Buachalla, Cathaoirleach
Neans Ó Dochartaigh, Cisteoir
Seosamh Ó hÓgartaigh, Rúna
Seán Ó Drisceal
Mairéad Ní Dhonnchadha
Siobhán Ní Fhualáin
Seán Stafford
Liam Ó Donnchadha
Máirín Guíomard
Fursa Breathnach
Seán Mac Mathúna

1982 – 1983

Máire Ó Buachalla, Cathaoirleach
Neans Ó Dochartaigh, Cisteoir
Seosamh Ó hÓgartaigh, Rúnaí
Máirín Guíomard
Stiofán Ó Comhraí
Síle de Búrca
Pádraic Ó Fátharta
Síle Ní Chearbhaill
Peadar Mac Fhlannchadha
Seán Ó Drisceal
Iarfhlaith Mac Aodh Bhuí

1983 – 1984

Toghadh 7 Márta 1983
Máire Ó Buachalla, Cathaoirleach
Máirín Ní Ghadhra, Cisteoir
Neans Ó Dochartaigh
Peadar Mac Fhlannchadha
Seán Ó Drisceal
Pádraic Ó Fátharta
Síle de Búrca
Stiofán Ó Comhraí
Caoimhín Mac Cathmhaoil
Máirín Guíomard
Seosamh Ó hÓgartaigh

1984 -1985

Toghadh 30 Aibreán 1984
Máire Ó Buachalla, Cathaoirleach
Pádraic Ó Fátharta, Cisteoir
Seosamh Ó hÓgartaigh, Rúnaí
Neans Ó Dochartiagh
Caoimhín Mac Cathmhaoil
Peadar Mac Fhlannchadha
Stiofán Ó Comhraí
Máire Ní Fhlanagáin
Máirín Guíomard
Máirín Ní Ghadhra
Pádraic Ó hAoláin

1985 – 1986

Toghadh 28 Eanáir 1985
Seosamh Ó hÓgartaigh, Cathaoirleach
Máire Ó Buachalla, Cathaoirleach (Leas)
Peadar Mac Fhlannchadha
Pádraic Ó Fátharta, Cisteoir
Síle de Búrca
Máire Ní Bhriain
Pádraic Ó hAolain
Stiofáin Ó Comhraí
Gearóid Ó Tuathaigh
Tugadh cead do na stiúrthóírí triúr eile a chomh-thoghadh don bhord:
20 Bealtaine 1985 – Neans Ó Dochartaigh
25 Meitheamh 1985 – Máirín Guíomard
23 Meán Fómhair 1985 – Peadar Mac an Iomaire

1986 – 1987

Toghadh 27 Eanáir 1986
Seosamh Ó hÓgartaigh
Peadar Mac Fhlannchadha
Pádraic Ó Fátharta
Gearóid Ó Tuathaigh
Seosamh Ó Deá
Máirín Guíomard
Neans Ó Dochartaigh
Eric Mac Enrí
Seán Ó Catháin
Ite Ní Chionnaith

1987 -1988

Toghadh 26 Eanáir 1987
Seosamh Ó hÓgartaigh*
Peadar Mac Fhlannchadha
Máirín Guíomard
Neans Ó Dochartaigh
Seosamh Ó deá
Éamonn Breathnach
Ite Ní Chionnaith
Pádraic Ó Fátharta
* 27 Aibreán  – d’éirigh Seosamh Ó hÓgartaigh as ‘bheith ina stiúrthóir agus thóg Áine de Búrca a áit ar an mbord.

Sínigh suas dár nuachtlitir

Áras na nGael

45, Sráid Dominic

Gaillimh

+353 91 567 824

gaillimh@cnag.ie