091 567 824 gaillimh@cnag.ie

Gaeil na Gaillimhe

Déanann Áras na nGael urraíocht ar Ghaeil na Gaillimhe CLG, an t-aon CLG lan-Ghaeilge i gCathair na Gaillimhe.  

Bunaíodh an cumann ag tús 2016 agus i láthair na huaire tá foireann na bhfear agus foireann na mban ag imirt ag leibhéal sinsir.  

Tá súil ag an chumann go mbunófar foirne eile mar chuid den chumann amach anseo. 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an chlub ag gaeilnagaillimhe@gmail.com.