Tonnta

A screenshot of a phone

Description automatically generated

Beidh an fhéile, darb ainm ‘Tonnta’ á reáchtáil ag Gaillimh le Gaeilge ag tarlú le gairid, le linn dheireadh seachtaine na Féile Bríde (1-4 Feabhra). Is é sprioc na féile ná ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga dhúchais agus ar Ghaillimh mar chathair dhátheangach. Is féile dhátheangach í, ach beidh an Ghaeilge i lár an aonaigh. Déanfar ceiliúradh ar chultúr na Gaeltachta, oidhreacht Naomh Bríd, ceol na hÉireann s.r.l, agus tabharfar deis do thosaitheoirí agus Gaelgeoirí araon a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén cumas atá acu.

An rud is mó atá lucht eagraithe na féile ag iarraidh a dhéanamh leis an bhféile ná gur mian leo dul i gcion ar phobal níos leithne, go háirithe iad siúd nach bhfuil ceangal acu leis an teanga. “Teastaíonn uainn é a oscailt do chuile dhuine agus cabhrú leo fáil réidh leis an fhaitíos sin a mbíonn daoine ag caint air [maidir le labhairt na Gaeilge go poiblí].”

Go bunúsach, tá fáilte roimh chách ag an bhféile, duine ar bith a bhfuil suim acu i gcúrsaí ceoil, i gcúrsaí Gaeilge nó san oidhreacht agus beidh an fhéile lán le ceol, spraoi agus brí.

Tá an fhéile maoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Fáilte Éireann.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.tonnta.eu.

Is blaiseadh iad seo a leanas de na himeachtaí taitneamhacha a bheidh ar siúl;

  • Altan in Amharclann Halla na Cathrach,
  • Liam Ó Maonlaí sa Taibhdhearc,
  • Beo ar Éigean (‘beo’) leis na réaltaí ón bpodchraoladh Beo ar Éigean,  Siún Ní Dhuinn, Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin,
  • Trad Rave sa Róisín Dubh,
  • Seónna tine ó ealaíontóirí de chuid an taispeántais soilse agus seónna tine a bhfuil duaiseanna buaite acu, Rogu,
  • Céilí ar an bhFaiche Mhór,
  • Taispeántas grinn le Focal na mBan sa Róisín Dubh,
  • Cainteanna agus ceardlanna dátheangacha chomh maith le himeachtaí do pháistí.
  • Taispeántas Cartún

Imeachtaí

Guerilla Gaeilge

Friends, Gaelgóirí, learners, Gaeilge Mhaigh Cuilinn and Áras na nGael

Áras na nGael

45, Dominic Street

Galway

©2021 Áras na nGael. All rights reserverd.
Website proudly created by Sidekick media.