Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár
dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus fud fad an
domhain gach bliain.
Tugann an fhéile deis do gach éinne sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí
dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí
siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.
Eagraítear breis agus céad imeacht i gContae na Gaillimhe mar chuid de Sheachtain
na Gaeilge gach bliain. Bíonn clár imeachtaí lán do Sheachtain na Gaeilge in Áras
na nGael gach bliain le imeachtaí éagsúla féiliúnach do ghach aoisghrúpa agus do
ghach cumas Gaeilge.
Tá tuilleadh eolais faoi Sheachtain na Gaeilge ar fáil ag www.snag.ie.