Seomra breá suite ar an mbun urlár, 11.12m x 4.8m, le hurlár adhmaid, síleáil ard
Sheoirseach agus cuma áirse air. Tá an seomra seo feiliúnach do chruinnithe,
cheolchoirmeacha beaga, agus le scátháin ar na ballaí, tá sé an-fheiliúnach le
haghaidh ranganna damhsa nó trialacha aisteoireachta. Is féidir suas go 65 duine a
chur sa seomra i leagan amach amharclainne nó 34 do rang.