Líonra Gaeilge na Gaillimhe

Seo chugaibh léargas ar an nuacht, imeachtaí agus scéalta  is déanaí mórthimpeall chathair na Gaillimhe.

Éisteachtaí sa Taibhdhearc

Tá an t-am tagtha chun éisteachtaí a reachtáil do Gheamaireacht na Nollag sa Taibhdhearc. Beidh na héisteachtaí ar siúl ar an Satharn seo, 14 Deireadh Fómhair ó 11am. Tá sé oscailte do pháistí idir 7-12 bliain d’aois. 

Tabharfar script bheag don duine óg ar an lá agus má tá siad muiníneach ag canadh, déan cinnte véarsa d’amhrán a bheith réidh acu agus is féidir é a thaispeáint ar an lá.

Má tá suim agaibh éisteacht a dhéanamh, is féidir an fhoirm seo a líonadh agus tiocfaidh foireann na Taibhdeirce i dteagmháil libh! https://forms.gle/XmktiCBZAseNjE299 

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Bhí Lá Idirnáisiúnta na Meabhairshláinte againn ar 10 Deireadh Fómhair. Beidh ceardlanna aireachais do pháistí ar siúl i dTeach na Gaeilge, Maigh Cuilinn ag tosú ar 7 Samhain. Má tá tuilleadh eolais uait, cliceáil anseo.

An Bruach Thoir

Má tá spéis agat i mbia na Gaeltachta, beidh turas chun Pota ar siúl ag an mBruach Thoir ar 13 Deireadh Fómhair. Is féidir ticéad a cheannach anseo.

Cumann Steipe in Ollscoil na Gaillimhe

Tá Cumann Steipe á bhunú ag mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Más mac léinn thú, bí cinnte an achainí a shíniú! Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ón gCumann Gaelach.

Gaeilge Locha Riach

Beidh maidin fhilíochta le MacDara Ó Conaola agus Áine Ní Ghlinn á reáchtáil ag Gaeilge Locha Riach ar 14 Deireadh Fómhair mar chuid d’Fhéile Raifteirí. Is féidir an clár iomlán a léamh anseo

Teanga Tí

Beidh imeacht ceoil agus scéalaíochta do pháistí óga le Julie Anne de Brún ar siúl i Leabharlann an Taoibh Thiar ar 21 Deireadh Fómhair. Gheobhaidh sibh tuilleadh eolais anseo.

Stiúrthóir Féile á lorg ag Gaillimh le Gaeilge

Tá Gaillimh le Gaeilge ag lorg, comhordaitheoir nó cuideachta dhíograiseach a bhfuil taithí acu chun Féile Ghaeilge/dhátheangach a eagrú agus a chomhordú le linn Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc Naomh Bríd in 2024.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo.

Lá Idirnáisiúnta na Cruite in Áras na nGael

Buail isteach chugainn ar 2in, 21 Deireadh Fómhair do Lá Idirnáisiúnta na Cruite, áit a mbeidh ceol, craic agus comhluadar. Beidh tuilleadh sonraí ar fáil ar ár gcuntas Instagram.

Imeachtaí

Guerilla Gaeilge

Friends, Gaelgóirí, learners, Gaeilge Mhaigh Cuilinn and Áras na nGael

Áras na nGael

45, Dominic Street

Galway

©2021 Áras na nGael. All rights reserverd.
Website proudly created by Sidekick media.