Seo chugaibh léargas ar imeachtaí Gaeilge atá á reáchtáil ag grúpaí pobail mórthimpeall chathair na Gaillimhe!
Beidh Féile na Lachan ar siúl ó 21 go 24 Meán Fómhair sa Bhruach Thoir, in oirthear na cathrach. Reáchtálfar neart imeachtaí Gaelacha éagsúla mar chuid den fhéile seo. Déanfaidh Seána Redmond ceardlann damhsa ar an sean nós i Scoil Bhríde, Mionloch, ar 7in 21 Meán Fómhair. Má tá blaisín cultúir uait, beidh turas thart ar Mhionloch ag bualadh le chéile ag Scoil Bhríde ar 12in 23 Meán Fómhair, áit a mbeidh ceol agus amhránaíocht ar an láthair. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil maidir le Féile na Lachan anseo.
Tá imeacht ‘Caife agus Comhrá’ eagraithe ag Gaeilge ABC ar an Déardaoin deireanach de gach mí i Súil Eile, i mBearna. I dtaca leis sin, tá ranganna ióga trí Ghaeilge ar siúl san áit chéanna ar 6:30in Déardaoin. Tá na sonraí ar fad maidir leis na himeachtaí taitneamhacha seo ar fáil ag chuntas Instagram Gaeilge ABC.
Tá maidin scéalaíochta agus spraoi don aos óg ar siúl ag Gaeilge Mhaigh Cuilinn, a tharlaíonn gach Aoine ar 9rn i dTeach na Gaeilge. Anuas air sin, tá ciorcal comhrá ar líne acu ar 10:30rn gach Aoine, agus tosóidh oíche shóisialta i dTeach na Gaeilge ar an 27 Meán Fómhair ar 7in. Is féidir an t-eolas ar fad a fháil faoi Ghaeilge Mhaigh Cuilinn ar a suíomh idirlín.