I 1935, tionóladh comhdháil i gColáiste Iognáid i nGaillimh faoi choimirce Chraobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge. Ar an gcéad lá de mhí Feabhra 1935, cuireadh tús ceart le obair na chomhluchta.
Ba é cuspóir na comhdhála seo a fháil amach an bhfeadfaí an dá theach a raibh obair cheard-sgoil na Gaillimhe ar siúl iontu a chur ar fáil mar árus agus mar cheannáit d’obair na Gaeilge. Beartaíodh ceann de na tithe a bhí ag an gcoiste gairmoideachais i Sráid Doiminic a chéannacht. Faoi deireadh 1938, ceannaíodh an dá theach ón gcoiste céadna, agus tá Áras na nGael’ ann ó shin i leith.
Tionóladh an chéad chruinniú reachtúil i gColáiste Iognáid Dé hAoine, 4 Feabhra 1938, in ár toghadh an chéad naonúr stiúir (Féach ar 1938-1944) Bhí an-tábhacht ag baint le ceist an árais. Ceapadh ar bhunú an chomluchta go raibh staid na Gaeilge agus go háirithe staid gluaiseachtaí na Gaeilge i nGaillimh, ag dul i ndonnacht, toisc nach raibh aon cheannáras seasmhach ag freastal orthu sa chathair.
Deimhníodh nach gcuirfí aon teorainn ar na dreamanna a d’úsáidfeadh an t-áras ach amháin go ndéanfaidís a gcuid gnóthaí trí Ghaeilge. Socraíodh, freisin, go mbeadh áit faoi leith san áras seo do na daoine óga de bharr go raibh siad mar chuid do gluaiseacht an Ghaeilge. Dúradh go mbeadh sé ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge i gcóir siamsaíocht agus damhsanna Gaelacha, amharclainn do dhrámaí i nGaeilge, do dhíospóirí i nGaeilge chomh maith le neart, neart imeachtaí eile.