
Osclaíodh an taispeántas ealaíne Fissure de chuid iarchéimithe Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh in Ionad Ealaíon na Gaillimhe ar 8 Meán Fómhair.
Pléann Fissue, arna choimeád ag an ealaíontóir Seiceach Soña Smedkova, leis an gcaoi a bhfuil daoine agus an dúlra idircheangailte. Cur chuige ilmheáin atá i gceist leis an taispeántas, rud a leagann béim ar thalann na n-ealaíontóirí, bíodh sé sin a ghrianghrafadóireacht, sa dealbhóireacht, sa léiriú beochana nó sna suiteáin idirghníomhacha.
Labhair Ruth Mulhern, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ag seoladh an taispeántais.
Tá saothar ochtar ealaíontóirí ar taispeáint mar chuid den taispeántas: Dina Abusehmoud, Mohamed Alkurdi, Carine Berger, Rocío Romero Grau, Kate Hodmon, Laurence Hynes, Cheryl Kelly Murphy agus Evan Murray.
Tá saorchead isteach go dtí an taispeántas seo.
Coinnígí súil amach d’imeacht speisialta a bheidh ag Ionad Ealaíon na Gaillimhe mar chuid d’Oíche Chultúir.