
Íomha: Laura O’Connor
Cuireann IONAD EALAÍON NA GAILLIMHE i láthair ARRAY COLLECTIVE
Ar 13ú Lúnasa 2022, beidh an Array Collective á sheoladh i nGaillimh ag Ionad Ealaíon na Gaillimhe mar chuid de chéiliúradh Seachtain Bród na Gaillimhe.
Cé iad Array Collective?
Is iad Array Collective na chéad ealaíontóirí as Tuaisceart Éireann ar bhronnadh Duais Turner iomráiteach orthu as an saothar The Druthaib’s Ball. Tumshuiteáil chomh maith le corpas fairsing ealaíne atá sa saothar seo agus is léiriú é ar shaothar agus ar ghníomhaíochas na meithle agus ar a gcuid iarrachtaí athruithe sóisialta a chur i ngníomh i dTuaisceart Éireann.
Dúirt Megs Morley (Stiúrthóir agus Coiméadaí Ionad Ealaíon na Gaillimhe), “Tá clár imeachtaí poiblí curtha le chéile againn freisin ina ndéanann ealaíontóirí áitiúla, lucht léinn, gníomhaithe, ceoltóirí agus oirfidigh cíoradh ar smaointe agus ar théamaí a thagann chun cinn i saothar Array. Cuireann sé ríméad orainn gur féidir linn The Druthaib’s Ball a chur i láthair an phobail mar chuid de fhéile Bród na Gaillimhe, grúpa a oibríonn go dian doicheallach d’fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht agus ilchineálacht phobal LADTA+ na Gaillimhe. Táimid buíoch freisin do na healaíontóirí cónaitheacha atá linn faoi láthair, an grúpa the Rewind <<Fastforward>> Record, as cuidiú linn an Irish Names Project a chur ar taispeáint, cuilt a cruthaíodh sna 1990í in ómós do agus i gcuimhne ar dhaoine a cailleadh leis an ngalar SEIF nó mar thoradh ar bhreoiteacht a bhaineann le VEID”.
Is féidir gach eolas maidir leis Array Collective nó eolas maidir le háirithintí a dhéanamh a fháil ag www.galwayartscentre.ie nó glaoigh ar 091 565886.
Faigh Síos: Bród
Tionscadal pobail a bhfuil sé d’aidhm acu DJanna agus ealaíontóirí a chur chun cinn atá sa ghrúpa Faigh Síos. Cruthaíonn siad imeachtaí fuaime & físeacha ag tarraingt ar ábhar ionspioráide go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, an uair seo ag obair i gcomhar le hIonad Ealaíon na Gaillimhe, Bród na Gaillimhe agus Array Collective.

Beidh an imeacht seo atá Faigh Síos a reachtáil i gcomhar le hIonad Ealaíon na Gaillimhe, Bród na Gaillimhe agus Array Collective i gClub Áras na nGael saor in aisce don phobal ar fad. Oscailte ón 3 ar an Sathairn 13ú Lúnasa.
Buíochas ollmhór le tabhairt do Bród na Gaillimhe & Ionad Ealaíon na Gaillimhe as ucht urraíocht a dhéanamh ar an imeacht seo.
Clár imeachtaí Seachtain Bród na Gaillimhe 2022

Imeachtaí eile i nGaillimh le haghaidh Bród
Tá clár imeachtaí ollmhór curtha le chéile ag Nova le haghaidh Seachtain Bród na Gaillimhe 2022. Thar an seachtain, tá 15 imeacht saor in aisce curtha ar fáil acu le 20 taibheoirí éagsúla. Féach thíos na sonraí.



Gach eolas le fáil ar cuntas instagram Nova anseo.
Club Gass

Tá an Róisín Dubh ag rith seó iontach eile mar cheiliúradh ar Seachtain Bród na Gaillimhe. Le 10 thaibheoirí agus 5 DJ le linn an lae. Tá cóisir iontach beartaithe acu ar 13ú Lúnasa. Is féidir gach eolas chomh maith le ticéid a fháil anseo.