ARD-DIOPLÓMA i nGAEILGE FHEIDHMEACH AGUS AISTRIÚCHÁN 2023 – 2024

Forléargas
Cúrsa lánaimseartha 6 mhí ar an gCeathrú Rua i gConamara á reáchtáil ag Europus i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.

Is cúrsa ardghairmiúil 6 mhí (Deireadh Fómhair-Aibreán) é an tArd-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán a reáchtáiltear ar an gCeathrú Rua i
gConamara. Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine ar mian leo a bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla anseo in Éirinn nó in Institiúidí na hEorpa nó ar dhaoine ar mian leo a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge. Cuirtear oiliúint ar mhic léinn i ngach réimse den aistriúchán agus de chruinneas teanga. Tá modúil ar leith sa chúrsa atá dírithe ar ghnéithe eile de thionscal na teanga.

Féach leagan amach an chúrsa:

Na Modúil

  1. Cruinneas na Gaeilge (15 chreidiúint)
  2. Scil an Aistriúcháin (15 chreidiúint)
  3. Aistriúchán Scripteanna (10 creidiúint)
  4. Teicneolaíocht an Aistriúcháin (5 chreidiúint)
  5. Craoltóireacht (5 chreidiúint)
  6. Teoiric an Aistriúcháin (5 chreidiúint)
  7. Taithí Oibre (5 chreidiúint)

Ranganna

Is in Ionad Europus ar an gCeathrú Rua a reáchtáiltear an cúrsa. Bíonn ranganna foirmiúla teagaisc ar siúl ón 10.00am go 1.00 pm ó Luan go hAoine chomh maith le cleachtadh a bheith le déanamh sna tráthnónta.

Riachtanais Iontrála

Glactar le hiarratais ó chéimithe a bhfuil onóracha i nGaeilge acu, ó chainteoirí dúchais Gaeilge a bhfuil céim in ábhar eile acu agus ó dhaoine lánfhásta gan na cáilíochtaí sin ach a léiríonn i dtástáil phraiticiúil go bhfuil ardchaighdeán i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla acu. Is ar bhonn agallaimh agus scrúdú scríofa a roghnaítear daoine incháilithe.

Táille

Is le maoiniú ó Údarás na Gaeltachta a reáchtáiltear an cúrsa. Níl aon táille i gceist.

Lóistín

Is faoi mhic léinn atá sé a lóistín féin a eagrú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Ard-Dioplóma seol
ríomhphost chuig [email protected]

Féach: https://www.gmit.ie/higher-diploma-in-arts-in-
gaeilge-fheidhmeach-agus-aistriuchan

Imeachtaí

Guerilla Gaeilge

Friends, Gaelgóirí, learners, Gaeilge Mhaigh Cuilinn and Áras na nGael

Áras na nGael

45, Dominic Street

Galway

©2021 Áras na nGael. All rights reserverd.
Website proudly created by Sidekick media.