Tá Ar Imeall ar ais le féile bheag chun céiliúradh a dhéanamh ar oíche Shamhna. Tá 6 lá imeachtaí leagtha amach againn chun freastal ar chuile dhuine.
Is é an chéad imeacht atá ar siúl ná Cóisir Oíche Shamhna le mic léinn Ollscoil na Gaillimhe. Beidh an imeacht seo ar siúl ar an Céadaoin, 26ú Deireadh Fómhair ag an 8. Beidh againn le Maz nó Supergross mar is fearr aithne uirthi. Iar fhostaí an Chlub agus sár cheoltóir. Tá dea-oíche beartaithe againn dhaoibh!

Ar an Déardaoin, beidh imeacht éagsúil againn, seo le Harry Bo & The Starmix, seo stíl faoi leith ceoil agus baineann an-chraic go deo leis. Beidh an imeacht seo le feiceáil beo i gClub Áras na nGael ar an 27ú Deireadh Fómhair ón 9.

Ar an Aoine, beidh Wally ar ais le oíche eile Afro Beats. Cead isteach ar an oíche €5.
Ar an Sathairn, beidh fear Bhearna, Conor agus grúpa ceoltóirí ó Bad Arts Entertainment ag cur seó den chéad scóth ar siúl. Beidh oíche rapcheol agus hiphop againn san gClub. Beidh …. ann ar an oíche. Cead isteach €5.

Ar an Domhnach, an Oíche roimh Oíche Shamhna, Domhnach roimh an saoire bainc, beidh imeacht againn do na daoine fásta ar fad. Beidh cóisir bhréigéide le duaiseanna againn. Beidh muid ag dul siar i stair Oíche Shamhna chuig an bhunús agus beidh an bpágántacht againn mar théama. Beidh duais againn d’ár ndóigh dóibh siúd a sheasann amach.

Beidh neart spraoi ar an oíche, cuirfear tús le cúrsaí le seó tine amuigh ar chúl san gclós le ceol le cloisteáil san gcúlra. Beidh ceol againn uaidh Kelsey agus neart eile ar an oíche.
Oíche Shamhna, Dé Luain 31ú Deireadh Fómhair, beidh muid ag reachtáil Dioscó na n-óg i gcomhar le Teanga Tí. Beidh an imeacht ar bun ón 1-5 i gClub Áras na nGael. Beidh ceol ann le DJ Will Softly. Beidh scéalaíocht againn le Máirín Mhic Lochlainn, neart cluichí, milseáin agus duaiseanna do na gásúir ar fad. Is gá clárú don imeacht seo roimhré tríd riomhphost a sheoladh chuig: [email protected]

An oíche sin ón 7, buail isteach chun ceol binn a chloisteáil ó Bríd Kenny agus í ag cur deireadh leis an bhféile.
Más mian leat breis eolais a fháil, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Seán ag: [email protected]