Tá TG4 agus Adare Productions sa tóir ar an gcéad réalta mhór eile i saol an damhsa Ghaelaigh i sraith nua de An Ríl Deal.
An tusa a bheidh ann i mbliana? Seo do sheans!
Tá fáilte roimh chuile chineál damhsóra Ghaelaigh, idir dhamhsóirí steipe, dhamhsóirí sean-nóis agus damhsóirí seit. Nó fiú meascán de gach stíl a fheiceáil!
Is cuma faoi aois ach oiread agus tá míle fáilte roimh óg agus aosta a gcuid steipeanna a thaispeáint dúinn. Is féidir le damhsóirí aonair, beirteanna agus le grúpaí cur isteach ar an gcomórtas.
Beidh triúr moltóirí a bhfuil fios a ngnó acu maidir le damhsa ag coinneáil súil ghéar ar na hiomaitheoirí.
Comórtas damhsa do gach uile dhuine é seo a dhéanfaidh ceiliúradh ar thraidisiúin uile an damhsa Ghaelaigh.
Beidh an scannánú ar siúl in RTÉ, i mBaile Átha Cliath ar an 11 / 12 / 13 / 14 Iúil 2023.
Ní mór d’iarratasóirí a bheith ar fáil don scannánú lá AMHÁIN ar a laghad.
Téigh chuig https://submit.link/mTFt8 anois chun iarratas a dhéanamh.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag 083 1322683.
Cur tús le cath an damhsa!
Ádh Mór!