
An bhfuil spéis agat in oidhreacht nó i gcultúr na hÉireann? Filleann Oíche Chultúir ar Chathair na dTreabh ar 22 Meán Fómhair i mbliana. Buailigí isteach chugainn ar 45 Sráid Dhoiminic chun léargas a fháil ar an gcultúr Gaelach.
Beidh ceardlann ar an sean-nós ar siúl ag Rónán Ó Conghaile ag tosú ón 5in, chomh maith le mic oscailte trí Ghaeilge a bheidh ag tosú ar a 7in, áit ar féidir leis an bpobal a chuid filíochta, ceoil, nó amhránaíochta a roinnt linn. Cuirimid ceist ar gach éinne atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa mhic oscailte clárú linn ar an oíche nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].


Má thaitníonn imeachtaí oíche chultúir leat, ba chóir duit clárú chun ranganna Gaeilge a dhéanamh linn!
Gabhaimid buíochas le Rónán Ó Conghaile as an gceardlann ar an sean-nós a reáchtáil. Táimid buíoch den Oireachtas freisin as urraíocht a chur ar fáil d’imeachtaí na hoíche.
Bígí cinnte súil a chaitheamh ar imeachtaí ár gcomharsan, Ionad Ealaíon na Gaillimhe.