Déanann Conradh na Gaeilge comhordú ar sheirbhís Saor-Chomhairle dlí do phobal
na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Mar chuid den tseirbhís náisiúnta seo, tá ionaid Saor-Chomhairle Dlí ag feidhmiú i
nGaillimh, Baile Átha Cliath, Corcaigh agus i nGaoth Dobhair. Cuireann abhcóidí
agus aturnaetha le Gaeilge seirbhís saor-chomhairle dlí ar fáil, áit ar féidir
réamhthuairim a fháil, míniú a fháil ar na cearta atá agat, nó a rá leat an bhfuil gá le
tuilleadh comhairle. Má tá gá, is féidir leis an Ionad tú a chur i dteagmháil leis na
haturnaetha i do cheantar a chuireann seirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Chomh maith lena hionaid seo tá seirbhís ghutháin ar fáil freisin. Is comhpháirtíocht
é an tIonad Saor-Chomhairle Dlí idir Chonradh na Gaeilge agus FLAC (Free Legal
Advice Centres).
Is féidir áit a chur in áirithe do sheirbhís na Gaillimhe ar an tseirbhís náisiúnta fóin ag
01 4757401, nó ar an suíomh www.flac.ie.